Clár ceardlainne ar léiriú cnagtha is ea Simply Music, ina gcuimsítear teicneolaíocht idirghníomhach, déanamh ceoil agus léiriú ceoil beo.
Tá na ceardlanna, atá curtha le chéile chun tacú leis an gcuraclam ceoil don leibhéal bunscoile, bunaithe ar na spriocanna: Ag Éisteacht agus Ag Freagairt, Ag Léiriú agus Ag Cumadh. Baineann an clár úsáid as stíleanna foghlama éagsúla trí úsáid a bhaint as an teicneolaíocht mar uirlis foghlama.
Faigheann Simply Music tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus tá sé faofa ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.
ÁR gCEARDLANNA
Is é atá i gceist lenár gclár ceardlainne ná déanamh ceoil teagmhálach agus léiriú beo. Is iad ceoltóirí ceolfhoirne gairmiúla a chuireann ár gceardlanna ar fáil. Cuirimid an teicneolaíocht agus na huirlisí ar fáil daoibh.
Oibrímid libh sula dtugaimid cuairt oraibh le sceideal ceardlainne is oiriúnaí do riachtanais bhur scoile a chur le chéile. Iarraimid oraibh aiseolas a thabhairt dúinn ón taithí a bhí agaibh ag deireadh na ceardlainne ionas gur féidir linn leanúint ar aghaidh agus ár gclár a fhorbairt agus a fheabhsú.
SIMPLY RHYTHM - AS GAEILGE
Tá ár gceardlanna Gaeilge - atá go hiomlán trí mheán na Gaeilge – eagraithe ag beirt ceoltóirí gairmiúla. Tá an cheardlann seo dírithe ar dhaltaí idir 8 mbliana agus 12 bhliain d’aois. Tá an clár 2 lá ar siúl i do scoil féin. Roinntear na daltaí in dhá ghrúpa (30 dalta i ngach ceann acu) don chlár 2 lá.
Faigheann gach grúpa 3 sheisiún ceardlainne, a chríochnaíonn le léiriú beo don scoil iomlán.
Tugann gach ceardlann gnéithe den churaclam bunscoile don cheol le chéile. Tugann an cheardlann seo eispéireas spraíúil agus gníomhach do na leanaí agus úsáidtear an teicneolaíocht chun tacaíocht a thabhairt don fhoghlaim.
Tugann an clár seo seans do na leanaí a scileanna a fhorbairt mar go dtugann sé seans dóibh a bheith ag seinm le chéile. Cabhraíonn sé leis an bhféinmhuinín a fhorbairt iontu freisin.
'SIMPLY BEGINNERS'
Is é atá i gceist lenár gceardlann 'Simply Beginners' ná déanamh ceoil agus léiriú do leanaí idir 5 bliana agus 8 mbliana d'aois. Sa cheardlann oibríonn na leanaí ar chlár de dhéanamh ceoil teagmhálach trí úsáid a bhaint as cnaguirlisí. Tá an scáileán idirghníomhach deartha chun an fhoghlaim a spreagadh agus scileanna rithimeacha a fhorbairt.
Oibríonn gach rang ar chlár atá oiriúnach dá leibhéal cognaíoch. Arís comhlíonann an cur chuige i leith na foghlama spriocanna an churaclaim bhunscoile agus tá na leanaí in ann taithí a fháil agus iad ag seinm in ensemble go luath agus iad ag forbairt i gcúrsaí ceoil.
'SIMPLY TEACHERS'
Is clár forbartha scileanna é 'Simply Teachers' a chuirtear ar fáil mar chuid de Chúrsaí Oiliúna Inseirbhíse do Mhúinteoirí den Roinn Oideachais agus Scileanna. Faigheann sé tacaíocht ó chlár 'Foghlaim & Fiosraigh' an Cheolárais Náisiúnta.
Is é atá i gceist leis an gclár ná déanamh ceoil beo, cumadóireacht agus úsáid teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn chun cabhrú le ceol a sholáthar don churaclam bunscoile. Is taithí foghlama comhoibritheach é, ina bhfuil déanamh ceoil, taiscéaladh agus cumadóireacht chun réimse scileanna agus uirlisí a fhorbairt le pleanáil ranganna a éascú.
Tá an tsamhail reatha curtha ar fáil i mBéarla agus tá an rogha As Gaeilge curtha isteach againn chuig an gCeoláras Náisiúnta agus tá súil againn é a chur i bhfeidhm go luath amach anseo.
CONAS ÁIRITHINT A DHÉANAMH
Faigheann ár gcláir ceardlainne deontas i gcabhair ón gComhairle Ealaíon. Leis an gcúnamh seo táimid in ann ár gcuid seirbhísí a chur ar fáil do scoileanna ag ráta laghdaithe.
Ceardlann & Léiriú 2 lá - As Gaeilge
60 dalta
Ceardlann 1 lá – 'Simply Beginners'
120 dalta
Más spéis leat tuilleadh a fhoghlaim, chomh maith le píosa scannáin a fheiceáil, faoi chláir Simply Music féach ar ár suíomh Gréasáin ag simplymusic.ie.
Más mian leat ceardlann Simply Music a chur ar fáil i do scoil nó tuilleadh eolais a fháil maidir lenár gclár Oiliúna Inseirbhíse do Mhúinteoirí, téigh i dteagmháil linn trí ghlao gutháin nó ríomhphost le do thoil.
Paul Maher, Stiúrthóir - Simply Music
Teileafón: + 353 (0)1 2856162
Fón Póca: + 353 (0)87 2227718
R-phost: info@simplymusic.ie
Suíomh Gréasáin: simplymusic.ie