Ceoldhráma spraoiúil bunaithe ar “An Tóraíócht” atá sa ngearrscannán seo de chuid TG Lurgan.
Úsáidtear leaganacha Gaeilge d’amhráin comhaimseartha chun an scéal a inseacht.
Ghlac os cionn 500 scoláire páirt san radharcann éagsúla.
Déanadh an gearrscannán a thaifead in imeacht seachtaine le linn cúrsa mí Iúil agus bhí inchur ag chuile dhuine ar an gcúrsa ina réiteach, idir leagan amach an scéil / roghnú ceoil / scríobh liricí / cóiriú damhsaí agus feistis...
Bhí an-taidhm againn uilig agus muid I mbun oibre agus tá súil againn go mbeidh sé mar chúnamh do scoláirí a bheas ag staidéir an scéil don Ardteist.
Níorbh fhéidir tabhairt faoin togra seo gan inchur , comhoibriú agus deá-mhéin scoláirí agus foireann an chúrsa.