GYHM100

Tioscadal beag a bhí ann le linn Chúrsa D 2010: 300 scoláire ag damhsa don "Taidhm Bharp" ón Rocky Horror Picture Show.

Ceoltóirí: Jenny Ní Ruiséail, Laura Ní Bhrádaigh, agus Cathal Ó Ruaidh

"An Taidhm Bharp"
Tá sé chomh haisteach, tá’n t-am istigh orainn
Tá mo mheabhair ag imeacht
Ach goile liomsa, ní bheidh sé i bhfad a’inn
Coinneoidh mise smacht

Is cuimhin liomsa ‘bheith damhsa an Time Warp
Ag baint taitnimh as an am
Nuair a bhí an t-olcas do mo mhealladh
Déanfaimid an Time Warp arís!
Fágaí seo an Time Warp arís!

Curfá:
Níl ann ach léim ar chlé
Is cuir do chos dheas siar
Lámha ar do chromáin
Coinnigh do ghlúine gar
Ach ‘sé damhsa na coime a chuireann tú ar bís
Déanfaimid an Time Warp arís!
Fágaí seo an Time Warp arís!

Tá sé mar bhrionglóid, cosúil le réabhlóid
Níl mé ar an bhfód, ar chor ar bith
Nílim fiú sa dimensean, tá sé ar intinn a’m
Gabháil i bhfolach, go bhfeicfinn cách
Leis an athrú meabhrach
Agus go leor cabhrach
Ní bheidh rudaí mar an gcéanna arís
Ní bheidh tú sábháilte, is beidh tú craiceáilte!
Déanfaimid an Time Warp arís!
Fágaí seo an Time Warp arís!

Bhuel is cuimhin liom lá amháin agus mé ag gabháil siar
Bhí fear amuigh ag siúl is é ag teacht aniar
Tháinig sé aniar aduaidh orm
Is bhreathnaigh sé i mo threo lena shúile ghorm’
Bhí ‘fhios agam go raibh mé athraithe
Ní bheidh rudaí mar an gcéanna riamh
Déanfaimid an Time Warp arís!
Fágaí seo an Time Warp arís!

Curfá

j vimeo.com/14669019

Loading more stuff…

Hmm…it looks like things are taking a while to load. Try again?

Loading videos…